Annex III AI Act
class="oj-doc-ti" id="d1e38-127-1">IARSCRÍBHINN III
Official text
id="anx_III"> IARSCRÍBHINN III Córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:
1. Bithmhéadracht a mhéid a cheadaítear í a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
(a) córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí. Ní áireofar ann córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann;
(b) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, de réir tréithe nó saintréithe íogaire nó cosanta atá bunaithe ar thátal na dtréithe nó na saintréithe sin;
(c) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun mothúcháin a aithint.
2. Bonneagar criticiúil: Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú an bhonneagair dhigitigh chriticiúil, tráchta bóthair nó i soláthar uisce, gáis, téimh nó leictreachais.
3. Oideachas agus gairmoiliúint:
(a) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a ligean isteach nó a shannadh chucu;
(b) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na torthaí sin chun próiseas foghlama daoine nádúrtha a stiúradh in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal;
(c) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí oideachais a gheobhaidh duine aonair nó a mbeidh duine in ann rochtain a fháil air, i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal nó laistigh díobh;
(d) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht thoirmiscthe na mac léinn le linn tástálacha i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal, nó laistigh díobh, agus an iompraíocht sin a bhrath.
4. Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:
(a) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun fógraí poist spriocdhírithe a fhógairt, chun anailís nó scagadh a dhéanamh ar iarratais ar phoist agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí;
(b) Na córais intleachta saorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh a dhéanann dochar don chaidreamh a bhaineann leis an obair, caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair a chur chun cinn nó a fhoirceannadh, chun tascanna a leithdháileadh ar bhonn iompraíocht aonair nó tréithe nó saintréithe pearsanta nó chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht daoine i gcaidrimh mar sin.
5. Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí bunriachtanacha poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:
(a) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí bunriachtanacha cúnaimh phoiblí, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte, agus chun na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;
(b) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a úsáidtear chun calaois airgeadais a bhrath;
(c) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú riosca agus praghsáil i ndáil le daoine nádúrtha i gcás árachas saoil agus árachas sláinte;
(d) Córais intleachta saorga atá beartaithe chun meastóireacht agus aicmiú a dhéanamh ar ghlaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha nó atá le húsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó mar thosaíocht i seoladh na seirbhísí sin, lena n-áirítear seirbhísí arna seoladh ag póilíní, comhraiceoirí dóiteáin agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála.
6. Forfheidhmiú an dlí, sa mhéid go gceadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
(a) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh duine nádúrtha ina íospartach cionta coiriúla;
(b) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
(c) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an iontaofacht fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
(d) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh duine nádúrtha cion nó athchiontú ní ar bhonn próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 amháin, nó chun measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart;
(e) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
7. Bainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann, sa mhéid a cheadaítear iad a chur i bhfeidhm faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
(a) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
(b) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar riosca, lena n-áirítear riosca slándála, riosca imirce neamhrialta, nó riosca sláinte, i gcás riosca a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;
(c) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, víosaí nó ceadanna cónaithe agus le haghaidh gearáin ghaolmhara maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha atá ag cur isteach ar stádas, lena n-áirítear measúnuithe gaolmhara ar iontaofacht fianaise;
(d) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcomhthéacs bhainistiú na himirce, an tearmainn nó an rialaithe teorann, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint, cé is moite d’fhíorú doiciméad taistil.
8. Próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar:
(a) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó thar a gceann chun cabhrú le húdarás breithiúnach taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar nithiúil fíoras nó a úsáidfear ar bhealach comhchosúil i réiteach malartach díospóide;
(b) Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú a vóta i dtoghcháin nó reifrinn. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga nach bhfuil a n-aschur neamhchosanta go díreach ar dhaoine nádúrtha, mar shampla uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú nó a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
SubscribeFrequently asked questions
Which AI systems are listed in Annex III of the AI Act?
Annex III contains eight categories of high-risk AI systems: (1) biometrics, (2) critical infrastructure, (3) education and vocational training, (4) employment and workers management, (5) essential services, (6) law enforcement, (7) migration and border control, and (8) administration of justice and democratic processes.
Is my AI system high-risk according to Annex III?
Check whether your AI system falls under one of the eight categories in Annex III. The system must be 'intended to be used' for the stated purpose. Classification depends on the intended use, not the underlying technology.
Which AI systems in HR and recruitment are high-risk?
Under Annex III, point 4: AI for (a) recruitment and selection, including targeted job ads, filtering applications and evaluating candidates, and (b) decisions on working conditions, promotion, termination, task allocation and monitoring performance.
Do AI systems in the banking sector fall under Annex III?
Yes, if the AI system is used for creditworthiness assessments or establishing credit scores of natural persons (point 5b). Exception: AI systems for detecting financial fraud are excluded.
Are AI systems in healthcare high-risk under Annex III?
Yes, under point 5a: AI used by or on behalf of public authorities to evaluate eligibility for essential public services, including healthcare. AI for emergency triage (point 5d) is also high-risk.
Which biometric AI systems are high-risk?
Under Annex III, point 1: (a) remote biometric identification systems, (b) biometric categorisation based on sensitive characteristics, and (c) emotion recognition. Biometric verification (confirming someone is who they claim to be) is excluded.
Do government AI systems fall under Annex III?
Yes, multiple categories are relevant for government: AI for public services (point 5a), law enforcement (point 6), migration and border control (point 7), and administration of justice (point 8). AI in education (point 3) is also relevant for public institutions.
Is AI for emotion recognition high-risk?
Yes, AI systems intended for emotion recognition are explicitly listed in Annex III, point 1c. Note: emotion recognition in the workplace and education is even prohibited under Article 5.
Which AI in education is high-risk?
Annex III, point 3 lists four categories: (a) admission to educational institutions, (b) evaluating learning outcomes, (c) assessing the appropriate education level, and (d) monitoring prohibited behaviour during tests (proctoring).
Is AI for emergency calls high-risk?
Yes, Annex III, point 5d classifies AI systems that evaluate and classify emergency calls, or are used for dispatching emergency services (police, fire, ambulance) and emergency healthcare triage as high-risk.
Can the European Commission expand Annex III?
Yes, Article 7 empowers the Commission to add new high-risk AI applications to Annex III through delegated acts, provided they pose comparable risks to fundamental rights as the existing categories.
Do AI systems for election influence fall under Annex III?
Yes, Annex III, point 8b classifies AI systems intended to influence the outcome of elections or referenda, or voting behaviour, as high-risk. Logistical campaign tools not directly exposed to citizens are excluded.
Does AI for insurance fall under Annex III?
Yes, Annex III point 5c classifies AI systems used for risk assessment and pricing in relation to natural persons for life and health insurance as high-risk. AI for claims detection and fraud prevention in insurance does not automatically fall under this category.
Is AI-powered CV screening high-risk?
Yes, Annex III point 4a explicitly classifies AI systems for filtering and evaluating job applications as high-risk. This includes automated CV screening, AI-powered candidate matching and automated assessments in recruitment processes.
How do I know if my AI system is 'intended to be used' for an Annex III purpose?
Classification depends on the intended purpose as determined by the provider, not on technical capabilities. If an AI system is technically capable of an Annex III purpose but not intended for it, it is not automatically high-risk. However, repurposing for an Annex III purpose can lead to reclassification.