Annex XI AI Act
class="oj-doc-ti" id="d1e38-141-1">IARSCRÍBHINN XI
Official text
id="anx_XI"> IARSCRÍBHINN XI Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) — doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha Roinn 1 Faisnéis atá le cur ar fáil ag soláthraithe uile na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) de réir mar is iomchuí maidir le méid agus próifíl riosca na samhla:
1. Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) na cúraimí a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaí iad leis an tsamhail agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;
(b) na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;
(c) an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;
(d) an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;
(e) an mhódúlacht (e.g. téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;
(f) an ceadúnas.
2. Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí na samhla dá dtagraítear i bpointe 1, agus faisnéis ábhartha faoin bpróiseas le haghaidh na forbartha, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:
(a) na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga;
(b) sonraíochtaí deartha na samhla agus an phróisis oiliúna, lena n-áirítear modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna, na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh; an rud a bhfuil sé beartaithe an tsamhail a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil, de réir mar is infheidhme;
(c) faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta (e.g. glanadh, scagadh etc.), líon na bpointí sonraí, a raon feidhme agus a bpríomhthréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí chomh maith le gach beart eile chun mí-oiriúnacht foinsí sonraí agus modhanna a bhrath chun claontachtaí in-sainaitheanta a bhrath, i gcás inarb infheidhme;
(d) na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail (e.g. an líon oibríochtaí snámhphointe), am oiliúna, agus sonraí ábhartha eile a bhaineann leis an oiliúint;
(e) tomhaltas fuinnimh atá ar eolas nó measta maidir leis an tsamhail.
Maidir le pointe (e), i gcás nach eol tomhaltas fuinnimh na samhla, féadfar an tomhaltas fuinnimh a bhunú ar fhaisnéis faoi na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear.
Roinn 2 An fhaisnéis bhreise atá le cur ar fáil ag soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo
1. Tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí meastóireachta, lena n-áirítear torthaí meastóireachta, ar bhonn na bprótacal agus na n-uirlisí meastóireachta poiblí nó ar bhonn a mhalairt de mhodheolaíochtaí meastóireachta eile. Áireofar sna straitéisí meastóireachta critéir mheastóireachta, méadrachtaí agus an mhodheolaíocht maidir le teorainneacha a shainaithint.
2. I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun críche tástála sáraíochta inmheánaí agus/nó seachtraí a dhéanamh (e.g. modh na foirne deirge), oiriúnuithe ar shamhail, lena n-áirítear ailíniú agus mionchoigeartú.
3. I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán.
Source: EUR-Lex, Regulation (EU) 2024/1689 — text reproduced verbatim.
📬 AI Act Weekly
Get the most important AI Act developments in your inbox every week.
SubscribeFrequently asked questions
What does Annex XI of the AI Act regulate?
Annex XI describes the technical documentation that providers of general-purpose AI (GPAI) models must prepare under Article 53(1)(a). It has two sections: one for all GPAI providers and an additional section for models with systemic risk.
What must be in the technical documentation of a GPAI model?
Section 1 requires: (1) general description including tasks, usage policies, architecture, parameters, modalities and licence, and (2) detailed description of development, training methodologies, data, computational resources and energy consumption.
Do I need to document my AI model's energy consumption?
Yes, point 2e of Section 1 requires the known or estimated energy consumption of the model. If exact consumption is unknown, an estimate based on computational resources used may be provided.
What extra documentation is required for GPAI with systemic risk?
Section 2 requires three additional elements: (1) detailed evaluation strategies with results and methods, (2) description of adversarial testing (red teaming), alignment and fine-tuning, and (3) description of system architecture.
Do I need to describe my training data?
Yes, point 2c of Section 1 requires information on training, testing and validation data, including type, provenance, curation methods, number of data points, scope, characteristics, and bias detection measures.
How does Annex XI differ from Annex IV?
Annex IV is for high-risk AI systems (Article 11), while Annex XI is specifically for GPAI models (Article 53). Annex XI focuses more on model architecture, training data and compute, while Annex IV is broader with requirements for risk management and human oversight.
What is red teaming and why is it required?
Red teaming is adversarial testing where the model is attacked to discover vulnerabilities. Section 2, point 2 requires this for GPAI models with systemic risk, including description of alignment and fine-tuning measures.
How many parameters must my model have to fall under Annex XI?
Annex XI applies to all GPAI models regardless of size. The number of parameters must be documented (point 1d), but there is no minimum threshold. The extra Section 2 requirements only apply to models with systemic risk (Article 51).